Is tionscnamh teicneolaíocht raidió é Tonnta (Raidió) atá bunaithe ar líne atá in úsáid go forleathan i Sasain, Alban agus an Bhreatain Bheag chun páistí agus déagóirí a nascadh le foghlaim agus oideachas.
Is géag tradála é Tonnta a dhíreos ar na hilmheáin, le brabús a ghineadh a rachas ar ais arís sa charthanacht, Sólas. Is é bunaidhm Tonnta ná brabús a ghineadh le cur chuig an carthanacht Sólás. Beidh sé mar aidhm aici fosta na hilmheáin a úsáid chun (1) forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge a chothú i gcomhthéacsanna éagsúlacha, (2) idirghréasáin do phobal na Ghaeilge a chruthú agus (3) cur chun cinn na Gaeilge a dhaingniú don ghlúin óg.
Buntaistí Tonnta Raidió ?
• Bainfear úsáid as teicneolaíocht Tonnta chun tacú le forbairt an dara teanga.
• Cothóidh sé deiseanna do pháistí agus an óige uirlisí ardteicniúila a úsáid le cur leis an fhoghlaim, a bheith mar chuid de ghnéasán sóisialta Gaeilge atá slán agus le scileanna labhartha agus scríofa a chur chun cinn.
• Cothóidh sé deiseanna do pháistí a chuid scileanna teicneolaiochta a chur chun cinn.
• Tá laithreáin comhchosúil in úsáid faoi láthair san earnáil scoile Breatnaise chun scileanna Breatnaise a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc páistí agus an óige.
• Ligfeadh teicneolaíocht Tonnta do mhic léinn closán, físean agus bloganna a fhoilsiú laistigh de phobal slán bhainistithe.
• Éascóidh sé do thuairiscóirí óga imscrúdú a dhéanamh ar bhuncheisteanna áitiúla.
• Tá sé in úsáid go forleathan mar chuid den churaclam, do chláranna scoileanna seirbhísí breise, comhairle scoile, curaclam saibhrithe agus tionscnaimh meáin.